Tá an cinneadh a rinne lucht ionchúiseamh sa Tuaisceart gan an dlí a chur ar aon duine maidir le sochraid an phoblachtánaigh Bobby Storey deimhnithe acu athuair tar éis dóibh athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an gcás.

Bhí thart ar 2,000 duine i láthair ag an tsochraid i mBéal Feirste an samhradh seo caite cé nach raibh ach 30 duine ar a mhéad in ainm freastal ar shochraidí ag an am de réir srianta Covid-19.

Bhí LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michell O'Neill ó Shinn Féin ar dhuine de cheithre dhuine is fiche a cheistigh na póilíní faoin scéal.

I ndeireadh báire, níor tugadh aon duine os comhair cúirte ach tar éis do pholaiteoirí ó pháirtithe eile an cinneadh sin a cháineadh, socraíodh athbhreithniú a dhéanamh air.

Dúirt lucht ionchúiseamh inniu go ndearnadh an cinneadh ceart a chéaduair gan an dlí a chur ar aon duine mar nach raibh na treoirlínte sláinte poiblí ag an am sách soiléir agus go raibh neamhchinnteacht ag baint leis an bplé a bhí ag an dream a d'eagraigh an tsochraid leis na póilíní roimh ré.