Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur taifeadadh 398 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Mar is gnách leis an Roinn gach lá ó rinneadh cibirionsaí ar ríomhchórais na seirbhísí sláinte an mhí seo caite, dúradh go mb'fhéidir nach bhfuil an figiúr seo cruinn agus go bhféadfaí é a nuashonrú amach anseo.

Tá 70 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin seisear níos lú ná inné. Tá 23 acu in aonaid dianchúraim, sin ceathrar níos lú ná inné.

Den chéad uair ón Márta anuraidh, níl aon othar Covid-19 in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath, ar ceann de na hospidéil is mó sa tír é.

Fógraíodh inniu freisin nach bhfuil aon duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ach go bhfuil 109 cás nua ann.

Tá 2,154 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 123,481 duine ó thús na paindéime.

Tá ceithre othar déag le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh ach níl aon duine acu in aonad dianchúraim.