Tá fiosrúchán ar bun ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána faoin gcaoi ar bhain gortú cinn d'ógánach seacht mbliana déag d'aois tar éis do Ghardaí é ghabháil i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Gabhadh an déagóir ar amhras go raibh mí-ord poilbí ar bun aige i lár na cathrach ag thart ar 9 a chlog oíche Dé Máirt, an 1 Meitheamh.

Tugadh é go Stáisiún Ghardaí Shráid an Phiarsaigh ach tugadh chun an ospidéil é ina dhiaidh sin mar gheall ar ghortú cinn a bhain dó.

Chuir ceannfort sa Gharda Síochana an scéal ar aghaidh chuig an Ombudsman.

Tá an tOmbudsman ag iarraidh ar dhaoine a mbeadh aon eolas acu ar an scéal teacht chun cainte leo.