Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Micheál Martin roimh iarracht Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cur ina luí ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson Prótacal an Tuaiscirt a chur i bhfeidhm as a iomláine agus de réir mar a aontaíodh é a chéaduair.

Dúirt Micheál Martin gur "cor suntasach" sa scéal a bhí sa mhéid seo.

Tuairiscítear gur threoraigh an tUachtarán Biden dá thaidhleoirí Boris Johnson a cháineadh faoin gcaoi a bhfuil an príomh-aire ag dul i ngleic le Prótacal an Tuaiscirt agus faoi na deacrachtaí atá a chuid iompair a chothú don phróiseas síochána ó thuaidh.

Is cosúil go ndúirt an taidhleoir Meiriceánach is sinsearaí sa Bhreatain, Yael Lempert, le príomh-idrbheartaí na Breataine san Eoraip, David Frost, go raibh Rialtas na Breataine ag gríosú teannais sa Tuaisceart maidir leis an bprótacal.

De réir an phrótacail, caithfear earraí áirithe a chuirtear chun an Tuaiscirt ón mBreatain a sheiceáil sula ligfear isteach iad.

Tá moill curtha ag Rialtas na Breataine ar fheidhmiú iomlán an phrótacail, áfach, agus tá aontachtaithe ag cur ina aghaidh ar an mbonn, a deir siad, go mbaineann sé dá bhféiniúlacht.

Ag labhairt dó ar stáisiún raidió Newstalk, thug an Taoiseach le fios gur léir go bhfuil na Meiriceánaigh ag cur in iúl go neamhbhalbh do Rialtas na Breataine gur den riachtanas é Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus go gcuidíonn an prótacal leis an tsíocháin ó thuaidh a choimeád.

Ag cruinniú trí huaire an chloig go leith i Londain inné, theip ar David Frost agus leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič aon dul chun cinn a dhéanamh faoin gceist.

Tá an Bhreatain ag bagairt socruithe trádála a leasú go haontaobhach ach tá sé tugtha le fios ag an Aontas Eorpach go rachfar i muinín an dlí "le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm oibleagáidí idirnáisiúnta."

Beidh a gcéad chruinniú ag Joe Biden agus Boris Johnson ag comhdháil thíortha an G7 sa Chorn inniu.