Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 259 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Arís inniu, dúirt an Roinn go mb'fhéidir nach bhfuil an figiúr seo cruinn agus go bhféadfaí é a nuashonrú amach anseo. Baineann an scéal leis an gcibirionsaí a rinneadh ar ríomhchórais na seirbhísí sláinte an mhí seo caite.

Tá 76 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin duine níos lú ná inné. Tá 27 acu in aonaid dianchúraim, sin an líon céanna agus a bhí inné.

Dearbhaíodh inniu freisin nach bhfuil aon duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ach go bhfuil 105 cás nua ann.

Tá 2,154 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 123,372 duine ó thús na paindéime.

Tá ocht n-othar déag le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh ach níl aon duine acu in aonad dianchúraim.