Tá sé ráite ag an gcarthanas One Family gur cuireadh roinnt daoine ó dhoras ag ionaid vacsaínithe mar gheall go raibh a leanaí in éineacht leo.

De réir treoirlínte Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ní mór do dhaoine teacht chuig an ionad vacsaínithe ina n-aonar agus gan páistí a bheith ina gcuideachta.

D'iarr ceannasaí One Family Karen Kiernan ar an bhFeidhmeannacht cabhrú le daoine a chaithfeas aire a thabhairt dá leanaí in áit iad a chur ó dhoras.

Mhol sí coinne nua a thabhairt do thuismitheoirí ag am a mbeadh na leanaí ar scoil nó ag am neamhghnóthach san ionad vacsaínithe.

Ag labhairt di ar RTÉ, dúirt Karen Kiernan gur i ndonacht a rachas an scéal nuair a dhúnfas na bunscoileanna ag deireadh na míosa seo.

Mhaígh sí freisin go ndúradh léi gur mhol oibrithe in ionaid vacsaínithe do thusimitheoirí na leanaí a fhágáil sa charr fad is a bhí siad ag fáil na snáthaide.

Ní sé sin feiliúnach ná sábháilte, a dúirt sí, go háirithe má éiríonn an tuismitheoir tinn i ndiaidh an insteallta.

Dúirt Karen Kiernan go bhfuil soiléiriú á lorg ag One Family ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoin scéal.

Cuireann One Family - a dtugtaí Cherish air - seirbhísí comhairleoireachta ar fáil do theaghlaigh agus faigheann an eagraíocht maoiniú ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.