Tá Paul Givan ainmnithe mar Chéad-Aire an Tuaiscirt ag ceannaire an DUP Edwin Poots.

Is feisire Stormont é Paul Givan do thoghcheantar Ghleann an Lagáin agus ceapfar go hoifigiúil sa phost é Dé Luain seo chugainn nuair a éireos Arlene Foster as.

Beidh Arlene Foster fós ag feidhmiú mar Chéad-Aire ag cruinniú de Chomhairle na Breataine-na hÉireann i bhFear Manach Dé hAoine.

Tá Edwin Poots ag ainmniú airí nua an DUP ó mhaidin agus rachaidh siad ar fad i mbun a gcuid dualgas ón Luan seo chugainn.

Tá an feisire comhthionóil d'Aontroim Thuaidh Paul Frew ainmnithe aige mar Aire Eacnamaíochta in áit Diane Dodds agus tiocfaidh Michelle McIlveen i gcomharbacht ar Peter Weir mar Aire Oideachais.

Tá go leor comhaltaí sinsearacha den DUP éirithe as an bpáirtí - ionadaithe tofa ina measc - tar éis do Edwin Poots agus a lucht tacaíochta an ruaig a chur ar Arlene Foster.

Thréaslaigh an Taoiseach a cheapachán le Paul Givan trathnóna.

Dúirt Micheál Martin gur bhuail sé le Paul Givan an tseachtain seo caite nuair a bhí cruinniú aige i dTithe an Rialtais le Edwin Poots.

Mhaígh an Taoiseach gur dhearbhaigh an DUP dó ag an gcruinniú sin go bhfuil an páirtí sásta tacú le hAcht Gaeilge chun a gcuid dualgas faoi Chomhaontú Chill Rímhinn a chomhlíonadh.