Ghlac na scórtha míle duine páirt in agóidí thar an deireadh seachtaine sa mBrasaíl i gcoinne an Uachtaráin Jair Bolsonaro.

Léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí sa tír sin go bhfuil titim mhór tagtha ar an tacaíocht dó ó thús na paindéime; níl ach 24% de mhuintir na Brasaíle sásta leis faoi láthair.

Tá beagnach leathmhilliún duine básaithe sa tír sin de bharr Covid 19.

Bhí na hagóidí ar siúl ar fud na tíre, ach bhí sluaite ollmhóra i láthair ag na cinn a heagraíodh in Rio de Janeiro agus i mBrasaília.

Bhí an lucht agóidíochta ag cur cinedhíothú i leith an Uachtaráin Bolsonaro.

Is í an Bhrasaíl an tír ina bhfuil an líon is mó daoine caillte de bharr Covid 19, seachas sna Stáit Aontaithe.

Is file agus aistritheoir é an Brasaíleach Alan da Silva, atá ag cur faoi in Rio de Janeiro.

"Tá fearg ar dhaoine mar níl go leor vacsainí againn mar níor cheannaigh an tUachtarán Bolsonaro go leor díofa. Tá ár ráta báis go holc: 3,000 duine gach lá. Ach is dócha gurb í an chúis atá leis na hagóidí seo ná a laghad airgid is a infheistíodh in ospidéil phoiblí na tíre le blianta beaga anuas."

Tá Alan da Silva ag foghlaim Gaeilge faoi láthair agus labhróimid leis ar Nuacht RTÉ le TG4 anocht faoi na hagóidí.