Tá a leithscéal gafa ag an iriseoir de chuid an BBC, Martin Bashir, faoi agalllamh a rinne sé leis an Banphrionsa Diana.

Ghabh an t-iriseoir leithscéal leis an Prionsa William agus an Prionsa Harry ach dúirt sé go bhfuil na líomhaintí atá déanta ag ceangal an mhéid a rinne sé le bás Diana míréasúnta.

Chinn tuarascáil a foilsíodh Déardaoin, tuarascáil a tháinig ó Bhreitheamh sinsearach atá éirithe as, an Breitheamh John Dyson gur choimisiúnaigh Martin Bashir ráitis bhainc a bhí bréagach a líomhnaigh go bréagach go raibh airgead á thabhairt do roinnt cuiditheoirí de chuid Diana chun súil a choiméad uirthi.

Thaispeán Bashir a bhí 58 ag an am na ráitis go dtí deartháir Diana, Charles Spencer, in iarracht cur ina luí air cruinniú a shocrú idir Bashir agus Diana agus chun muinín a chothú idir é agus Diana.

Dúirt Martin Bashir le Nuachtán an Sunday Times go raibh an-aiféala air. Dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh Diana a ghortú in aon slí agus dúirt sé gur chreid sé nár ghortaigh sé í.

Tá sé ráite ag an Prionsa William áfach go raibh tionchar mór ag an méid a rinne Bashir ar an meath a tháinig ar an gcaidreamh a bhí ag a thuismitheoirí agus dúirt sé gur chuir an méid a tharla go mór le himní, paranóia agus aonrú Diana sna blianta deireanacha a bhí aici ar an saol.