Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas bean 44 bliain d'aois neamhchiontach i ndúnmharú a triúr leanaí de bhrí go raibh sí as a meabhair ag an am.

Phlúch Deirdre Morley an triúr leanaí - Conor, naoi mbliana, Darragh, seacht mbliana, agus Carla, trí bliana, i dteach cónaithe an teaghlaigh ar an 24 Eanáir 2020.

Dúradh go raibh dúlagar síocóiseach ar Dheirdre Morley nuair a mharaigh sí na leanaí.

Dúradh gur chreid sí nach raibh na leanaí tógtha aici mar ba cheart de bharr a tinnis agus nach raibh siad le teacht slán go brách.

Bhí sé ráite ag an mBreitheamh Paul Coffey leis an ngiúiré go raibh an fhianaise ar fad dobhréagnaithe agus nach bhféadfaidís ach breith amháin a thabhairt ar an gcás.

Cás brónach agus trágóideach a bhí ann, a dúirt an breitheamh.