skip to main content

Fear ciontaithe i ndúnmharú Dhaithí Douglas

Daithí Douglas
Daithí Douglas

Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, ciontaíodh fear 32 bliain d'aois i ndúnmharú fir a lámhachadh i mBaile Átha Cliath beagnach cúig bliana ó shin mar chuid den aighneas idir bhuíonta coirpeach Hutch agus Kinahan.

Ciontaíodh Lee Canavan, a bhfuil seoladh aige i gceantar Shruthán Éidin i Ráth Fearnáin, i bpáirt a bheith aige i gcomhcheilg le Daithí Douglas a dhúmharú.

Lámhachadh, Daithí Douglas, 55 bliain, sé huaire i siopa bróg ar Shráid Bhun Droichid sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath ar an 1 Iúil 2016.

Ba le céile Dhaithí Douglas an siopa bróg agus bhí sí féin agus a n-iníon óg ar an láthair nuair a maraíodh é.

Cé gur mhaígh an t-ionchúiseamh gurbh é Lee Canavan an fear a scaoil an gunna le Daithí Douglas, rialaigh na breithiúna nach raibh dóthain fianaise ann leis an maíomh seo a chruthú.

Ina dhiaidh sin, ciontaíodh Lee Canavan i bpáirt a bheith aige sa chomcheilg dhúnmharaithe.

Bhí cuid mhór den chás ina aghaidh bunaithe ar íomhánna ó cheamaraí slándála.

Tá triúr eile ciontaithe cheana féin i ndúnmharú Dhaithí Douglas, an coirpeach aitheanta Freddie Thompson ina measc.

Gearrfar téarma príosúin saoil ar Lee Canavan, mar atá sainordaithe i gcás daoine a chiontaítear i ndúnmharú.