Tá leithscéal foirmiúil gafa i bparlaimint Westminster ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le teaghlaigh an deichniúir a chaith agus a mharaigh Arm na Breataine i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste leathchéad bliain ó shin.

Léigh an Príomh-Aire ainmneacha na marbh os ard sa pharlaimint agus dúirt sé gur mhian leis thar ceann rialtais éagsúla na Breataine [ó 1971 i leith] leithscéal a ghabháil leis na teaghlaigh faoin gcaoi ar fiosraíodh na maruithe agus faoin bpian a d'fhulaing siad le leathchéad bliain.

Dúirt sé gur mhaith leis an méid sin a chur ar taifead.

Chaith agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút na sibhialtaigh Chaitliceacha in imeacht trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.

B'in iad Joan Connolly, 44, Joseph Corr, 43, Edward Doherty, 31, John Laverty, 20, John McKerr, 49, an tAthair Hugh Mullan, 38, Joseph Murray, 41, Noel Phillips, 19, Frank Quinn, 19, agus Daniel Teggart, 44.

An tseachtain seo caite, chinn cróinéir i mBéal Feirste an Breitheamh Siobhán Keegan go raibh na daoine seo iomlán neamhchiontach agus nach bhféadfaí na maruithe a chosaint.

Bhain breithiúnas an chróinéara le naonúr den deichniúr mar, a dúirt sí, nach raibh dóthain fianaise dlí-eolaíochta ann le deimhniú go foirmiúil cé a mharaigh John McKerr.

Níl aon ghlacadh ag cuid de na teaghlaigh le leithscéal Boris Johnson, áfach.

Dúirt Mary Kate Quinn, gaol le John Laverty, nach leithscéal a bhí ann ar chor ar bith mar nár ghabh Boris Johnson leithscéal faoi na maruithe féin. Tá fearg uirthi freisin, a dúirt sí, gur ó iriseoirí a fuair sí an scéala.

Dúirt John Teggart, ar maraíodh a athair Daniel, gur leithscéal bréige a bhí ann.