Tuigtear gurb é an bhuíon coirpeach a dtugtar Wizard Spider air atá freagrach as an ionsaí haiceála ar ríomhchoráis Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na Roinne Sláinte.

Dar le gníomhaireachtaí faisnéise go bhfuil Wizard Spider ar cheann de na buíonta coirpeach is cumasaí i gcursaí teicneolaíochta ar domhan.

Deirtear go bhfuil na bradaithe bunaithe i gCathair Pheadair - agus sa cheantar máguaird - sa Rúis.

Meastar go bhfuil thart ar 80 duine ag obair do Wizard Spider agus nach feasach do chuid den dream sin go bhfuil siad bainteach le heagraíocht choiriúil.

Ríomhchláraitheoirí sároilte atá fostaithe ag Wizard Spider, a bhformhór ar bhonn páirtaimseartha nó sealadach, agus athraíonn an fhoireann go minic.

Tá an FBI, Interpol agus Europol sa tóir ar an drong seo le blianta.

Creidtear gurbh iad a bhí freagrach as cibirionsaithe in 2014 agus 2015, tráth a truaillíodh go leor ríomhchóras le bogearra mailíseach ar tugadh Dyre air.