Dúirt Príomhoifigeach Clinicúil Fheidhmeannacht na Seribhíse Sláinte an Dr Colm Henry go bhfuil an cibirionsaí ar ríomhchóras na heagraíochta tar éis tionchar mór a bheith aige ar chumas na heagraíochta trí chéile an cúram cuí a chur ar fáil d'othair.

Thug an Dr Henry le fios go bhfuil cúram sláinte nua-aimseartha i dtaobh le ríomhchórais agus dúirt go gcreideann sé go rachaidh na dúshláin a bhaineann leis an ionsaí haiceála, go rachaidh siad i méid sa chuid is mó d'ospidéil na tíre an tseachtain seo.

Cuireadh as go mór do sheirbhísí sláinte ar fud na tíre mar gheall ar an bhfoghail a rinneadh ar ríomhchóras Fheidhmeannacht na Seribhíse Sláinte ag deireadh na seachtaine seo caite.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Dr Henry cé go bhfuil cúram práinneach éigeandála á chur ar fáil i gcónaí nach ionann é agus an cineál cúraim a bhí ann roimh an ionsaí haiceála.

An Dr Colm Henry

Cuir i gcás, a dúirt sé, roimhe seo bhaintí leas as an ríomhchóras le tástálacha leighis a ordú, a bhreacadh síos agus a chur i gcomparáid le tástálacha eile leighis.

Faoi láthair, áfach, a dúirt sé, tá daoine in ospidéil ag cur torthaí tástálacha ar fáil do dhochtúirí comhairleacha de láimh agus táthar freisin ag cur na dtorthaí sin ar fáil do dhochtúirí teaghlaigh ar an teileafón.

Dúirt an Dr Henry go bhfuil foireann na Feidhmeannachta, i gcomhar le gníomhaireachtaí seachtracha, ar a mbionda ag iarraidh na ríomhchórais is práinní a chur ag obair arís, leithéidí seirbhísí máithreachais, raideolaíochta, radaiteiripe agus diagnóisice.

Thug sé le fios chomh maith siúd is go bhfuil dóchas aige go n-íocfar a dtuarastail le hoibrithe sláinte arú amárach mar is gnách nach bhféadfadh sé dul in urrús air sin.