Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna nár bhásaigh aon duine eile leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné ach go bhfuil 360 cás nua ann.

Tugadh le fios freisin go bhfuil 110 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 42 díobh in aonaid dianchúraim.

Tá 1,922,913 dáileog de vacsaíní éagsúla in aghaidh Covid-19 tugtha do dhaoine sa Stát go dtí seo.

Tá an chéad daileog faighte ag 1,408,105 duine agus tá an dara dáileog faighte ag 514,808 duine.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 82 cás nua ann.

Tá 2,150 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 121,610 duine ó thús na géarchéime.

Tá 32 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, beirt acu in aonaid dianchúraim.