Tugadh fear 25 bliain d'aois os comhair cúirte agus é cúisithe in ógánach seacht mbliana déag a dhúnmharú i nDroichead Átha, Co Lú, anuraidh.

Gabhadh Paul Crosby, a bhfuil seoladh aige i bPáirc Ráth Maoláin i Droichead Átha, ar maidin.

Tugadh é os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealagan, mar ar cúisiodh é i ndúnmharú Keane Mulready-Woods ag 31 Páirc Ráth Maoláin, Droichead Átha, idir 12-13 Eanáir 2020.

Dúirt an Bleachtaire-Sháirisint Peter Cooney sa chúirt gur ghabh sé agus gur chúisigh sé Paul Crosby ag 11.21 r.n.

Thug an Garda le fios nach ndúirt Paul Crosby aon ní nuair a cúisíodh é.

Chuir an Breitheamh Éirinn McKiernan an cúisí siar faoi choinneáil agus tá sé le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Dhroichead Átha an tseachtain seo chugainn.