Tuigtear go dtabharfar rogha do dhaoine idir 40 agus 49 bliain d'aois glacadh le ceann acu an vacsaín Johnson & Johnson nó an vacsaín AstraZeneca in aghaidh Covid-19.

É sin nó fanacht le ceann de na vacsaíní mRNA fearacht Pfizer nó Moderna.

Tabharfar an rogha idir Johnson & Johnson agus AstraZeneca do dhaoine san aoisghrúpa sin mura bhfuil aon vacsaín mRNA ar fáil ag an am.

Tabharfar mioneolas faoi na vacsaíní éagsúla do dhaoine roimh ré agus ní mór dóibh a bheith lántoilteantach glacadh le ceann nó ceann eile roimh a n-ionaclú.

Deirtear go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte fós ag breathnú ar an tionchar a bheas ag an socrú nua seo ar an gclár náisiúnta vacsaínithe trí chéile.