Dúirt an tAire Stáit a bhfuil cúraimí ríomhsheirbhísí an Rialtais air, Ossian Smyth, nár cailleadh aon fhaisnéis go bhfios dósan mar gheall ar an gcibirionsaí ar ríomhchóras Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ag labhairt do ar RTÉ, thug Ossian Smyth le fios nach ndearna an t-ionsaí aon dochar do fhreastalaithe cúltaca na Feidhmeammachta agus, chomh fada agus is eol dó, [bíodh is go bhfuil faisnéis goidte] nach bhfuil aon fhaisnéis caillte.

Dúirt sé, áfach, go gceapann sé go bhfoilseofar sonraí pearsanta roinnt daoine ar an idirlíon dorcha.

Cé go ngoillfidh sé seo ar dhaoine, a mhaígh sé, is dóigh gur faisnéis riaracháin seachas faisnéis chliniciúil a bheas i gceist.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil a gcuid ríomhchóras féin ag go leor d'ospidéil mhóra na tíre agus nach ndearnadh aon fhoghail ar fhaisnéis chliniciúil i gcás a bhformhóir.

Mar sin féin, a dúirt sé, glacann sé leis go gcuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na hothair a bheas thíos leis ar an eolas in am trátha.

Gníomh coiriúil den chineál is measa a thug Ossian Smyth ar an ionsaí haiceála agus fios maith ag na creachadóirí, dar leis, go bhfuil ríomhchóras na seribhísí sláinte faoi bhrú millteanach ar na saolta seo.