Tá siopaí miondíola ar fud na tíre oscailte arís inniu den chéad uair le ceithre mhí agus srianta Covid-19 maolaithe tuilleadh.

Siopaí miondíola neamhriachtanaí iad seo, leithéidí siopaí éadaí agus siopaí leabhar ina measc.

Dúirt eagraíocht ionadaíochta na miondíoltóirí gur lá cinniúnach é seo don earnáil agus don 280,000 duine atá ag obair i siopaí miondíola sa Stát, agus gur féidir leo pleanáil anois do na seachtainí agus na míonna atá le teacht.

Meastar go bhfanfaidh go leor siopaí oscailte deireanach tráthnóna le freastal ar an líon mór custaiméirí a bhfuil súil acu leo.

Fós féin, caithfidh custaiméirí cloí leis na treoirlínte sláinte poiblí atá i bhfeidhm ó thús na paindéime, fiú má tá an vacsaín Covid-19 faighte acu.

Ní mór do dhaoine masc a chaitheamh taobh istigh agus i scuainí taobh amuigh de shiopaí, fanacht dhá mhéadar ó chustaiméirí eile agus a lámha a ghlanadh le díghalrán.