'Tá sé náireach' a deir ionadaithe poiblí sa Ghaillimh go bhfuil áras a bhíodh ina Oifig Turasóireachta i mBóthar na Trá díomhaoin, le deich mbliana.

Deir Comhairle na Cathrach go gcaithfear scrúdú sábháilteachta a dhéanamh ar an bhfoirgneamh.

Deir An Teachta Dála, Catherine Connolly go bhfuil ceisteanna le freagairt.

Samhradh is geimhreadh tá aghaidh na gcuairteoirí agus mhuintir na háite ar an mbaile saoire seo, Bóthar na Trá, le fada fíorach an lá.

Taobh thiar de halla cáiliúil an Seapoint, buailte ar an uisceadán, tá foirgneamh nach bhfuil ag cuidiú le turasóirí ná aon nduine eile a mhealladh le fada

7 gcinn de léirithe spéise a fuair an chomhairle anuraidh ach níor glacadh le ceann ar bith.

'Ní mór an t-iniúchadh ar chúrsaí sábhailteachta atá le déanamh ag an gcomhairle a chríochnú ar bhonn práinne' a dúradh inniu

I ráiteas, deir Comhairle Contae na Gaillimhe go mbeifear ag lorg léirithe spéise as an nua don fhoirgneamh gan mhoill.

Idir an dá linn, beidh ealaíon ar taispeáint anseo go sealadach agus beidh áitreachaí sa mbreis ar fáil le bualadh fút nó le haghaidh do rothar a pháirceáil