Tá sé tagtha chun solais anois go bhfuil cibirionsaí déanta ar chórais ríomhaireachta na Roinne Sláinte, a mhacasamhail de cheann atá déanta cheana féin ar chórais an HSE.

Tá éileamh ar airgead fuascailte déanta sa chás seo freisin.

Ceaptar go láidir gurb iad na coirpigh chéanna atá freagrach sa dá chás.

Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna go dtáinig a chuid córas faoi ionsaí Déardaoin seo caite agus go raibh sé ag obair go dlúth leis na húdaráis uilig.

Tá na gardaí anois ag dul i gcomhairle le póilíní Europol agus Interpol.

An Dr.Colm Henry

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, An Dr.Colm Henry go bhfuil sé ró-luath a rá fós ar éirigh leis na haiceálaithe teacht ar eolas faoi othair sna hionsaithe seo atá déanta.

Ag labhairt dó ar an gclár raidió de chuid RTÉ 'This Week', dúirt sé nach raibh sé in ann a rá go cinnte cén chaoi a bheadh an tseirbhís ríomhaireacta ag feidhmiú in athuair.