Níl sé ach 24 uair a' chloig ó shin ó scrios tine an coimeadán stórais a bhíodh ag cumann sacair bhuachaillí agus chailíní Dhroichead Átha i gCo.Lú.

Tuairiscítear breis is €10,000 a bheith bailithe dóibh cheana féin.

Tuigtear gur go mailíseach a thosaigh an tine seo;glaodh ar na seirbhísí dóiteáin chuig Lána Marley go moch ar maidin inné.

Bhí trealamh an chumainn ar fad thré lasadh faoin am a dtáinig suas le 30 páiste, aois a 6 agus a 7,chomh fada leis an áit chun dul i mbun traenála.

Tá na gardaí ag fiosrú an scéil.