Mharaigh aerfhórsa Iosrael 40 duine i stráice Gaza inniu.

Áirítear seo ar an líon is mó daoine a maraíodh in aon lá amháin ó thosaigh an chogaíocht is deireanaí sa reigiún Dé Luain seo caite.

Tá Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe i mbun cruinnithe éigeandála feachaint le réiteach a fháil ar an bhforéigean.

Tá an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney i láthair ag an gcruinniú sin go cianda.

An tAire Simon Coveney ag iarraidh go gcuirfí sos lámhaigh i bhfeidhm in Iosrael láithreach

Dúirt sé go mba uafásach an ní é gur maraíodh páistí chomh hóg le 6 mhí, le linn na buamála ar Gaza i gcaitheamh na seachtaine.

Cháin sé Hamas chomh maith as a bheith ag scaoileadh roicéid le pobal Iosrael, ach dúirt go raibh ionsaithe Iosrael marfach agus do-ghlactha.

D'iarr sé go ngairmfí sos lámhaigh láithreach.

Leanadh leis an ár ansin aréir idir fórsaí Iosrael agus mílisteoirí Pailistíneacha.

Bhí eitleáin chogaidh le hIosrael ag scaoileadh buamaí anuas ar Gaza, ag rá gur mílisteoirí Hamas an sprioc atá acu.

Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu

Mahmoud Abbas,Uachtarán na bPailistíneach

Mhaígh fórsaí Iosrael gur éirigh leo teach cónaithe cheannaire Hamas a aimsiú aréir.

Dar le hoifigigh sláinte i Gaza,maraíodh 26 Pailistíneach in ionsaithe na hoíche aréir, ochtar páistí ina measc.

Scaoil Hamas tuilleadh diúracán le ceantair i ndeisceart Iosrael.

Túr Jalal a scriosadh inné:Dian ionsaithe á ndéanamh anois in Iosrael le seachtain

Deir Iosrael gur maraíodh deichniúr dá gcuid féin, beirt pháistí san áireamh.

I dteannta le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe tuairiscítear freisin gur labhair Uachtarán na Stát Aontaithe,Joe Biden le Príomh Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu,agus le hUachtarán an phobail Phailistínigh Mahmoud Abbas.

Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden a labhair le ceannairí Iosrael agus an phobail Phailistínigh

Tá toscaire leis an Uachtarán Biden, Hady Amr, in Iosrael freisin agus súil go mbeidh seisean i mbun cainteanna níos deireanaí inniu.