Tá othair ar fud na tíre, a bhfuil a gcuid coinní leighis curtha ar ceal don tseachtain atá romhainn, ag fanacht anois le scéala ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) i dtaca le hathsceidealú.

Tá cúrsaí fágtha go dona ceart de bharr an ionsaithe ríomhaireachta a rinneadh ar chóras an HSE go moch ar maidin Dé hAoine seo caite.

Tá daoine le coinní radaiteiripe,X-ghanna agus MRI ina measc siúd atá buailte.

Dea-scéal áfach go bhfuiltear ag leanacht ar aghaidh le seirbhísí ceimiteiripe agus scagdhealaithe.

Níl aon mhoilliú déanta ar an gclár vacsaínithe don choróinvíreas ach amháin go bhféadfadh moill a bheith le toradh aon tástáil a dhéantar do Covid-19 dar leis an HSE.

Tá seirbhísí éigeandála ar fáil i gcónaí sna hospidéil.

Leantar ar aghaidh i gcónaí ag iarraidh a dhéanamh amach cé chomh dona is a buaileadh córas ríomhaireachta an HSE de thoradh an ionsaithe seo ó choirpigh thar lear.