Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,Paul Reid gur mhór an deabhal a raibh tarlaithe le cupla lá i dtaca leis an ionsaí ar an chóras ríomhaireachta,'murar leor don HSE víreas amháin le dul i ngleic leis'.

Dúirt sé go raibh measúnú fós á dhéanamh maidir leis an líon eolais ar éirigh leis na coirpigh a aimsiú, ach go raibh dul chun cinn déanta ag na fóirne saineolaithe.

'Tá próiseas anróiteach fadálach fós romhainn leis an scéal seo a leigheas' a dúirt Paul Reid.

D'admhaigh sé gur coirpigh sofaisticiúil idirnáisiúnta a bhí taobh thiar dhe seo, agus 'ainneoin an méid infheistíochta a bhí déanta ag an HSE len é a chosaint ar na hionsaithe seo, táimid fós ag foghlaim' mar a dúirt sé.

'Go leor infheistíochta déanta sa chóras ach táimid ag foghlaim i gcónaí' a dúirt Paul Reid

Rinne sé chuile iarracht othair agus an pobal i gcoitinne a chur ar a suaimhneas san agallamh a thug sé ar an gclár raidió 'Saturday with Katie Hannon' ar RTÉ Raidió 1 tráthnóna.

Dúirt sé nach mbeadh moill ar an gclár vacsaínithe de bharr na géarchéime seo, agus mhol sé do dhaoine atá idir 50-69 a n-ainmneacha a chlárú, mura bhfuil sin déanta acu go fóill.