Tá iarrachtaí á ndéanamh inniu ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) a dhéanamh amach cé chomh tromchúiseach is a bhí an t-ionsaí haiceála a rinneadh ar a chóras ríomhaireachta san oíche arú aréir.

Deir an HSE go dtógfaidh sé roinnt laethanta air na córais ar fad atá aige a chur ina gceart arís.

Ach cuirfear scata coinní ospidéil ar ceal an tseachtain seo a deir an HSE de bharr an ionsaithe seo.

Iarrann an HSE ar an phobal seiceáil ar shuíomh idirlíon pé ospidéal a bhfuil siad le freastal air.

Dhún sé síos a chóras go moch ar maidin inné le nach ndéanfaí tuilleadh dochair nuair a tuigeadh dó gur thruailligh bogearra éirice é.

Tá an HSE ag obair i gcomhar leis an Ionad Náisiúnta Cibearshlándála, leis na Gardaí agus le saineolaithe eile féachaint leis an scéal seo a réiteach.

Ceaptar é seo a bheith ar an ionsaí haiceála ríomhaireachta is measa riamh a rinneadh sa stát.

Inné, dúirt príomhfheidhmeannach an HSE,Paul Reid go raibh an fhoghail ag cur as do chórais áitiúla agus náisiúnta 'a bhfuil príomhsheirbhísí na heagraíochta ag brath orthu'.

Tá an baol ann freisin a dúradh go bhféadfadh sonraí bainteach le hothair a bheith faighte ag an lucht haiceála.

Tuigtear gur buíon haiceálaithe idirnáisiúnta thar a bheith sofaisticiúil, atá freagrach as an ionsaí seo.

Thug an HSE le fios freisin tráthnóna inné gur éilíodh airgead fuascailte air, ach dúirt nach bhfuil sé i gceist aige aon chuid dhe a íoc.