Phléigh an Taoiseach Micheál Martin agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson sléacht Bhaile Uí Mhurchú, trádáil iarBhreatimeachta agus Covid-19 ag cruinniú i mainéar Chequers taobh amuigh de Londain.

I ndiaidh an chruinnithe, dúirt urlabhraí Boris Johnson gur labhair an bheirt cheannairí ar bhreithiúnas cróinéara i mBéal Feirste Dé Máirt seo caite maidir leis na maruithe a rinne Arm na Breataine i mBaile Uí Mhurchú i 1971.

Bhí siad ar aon intinn, a dúradh, go raibh sé fíorbhrónach go mb'éigean do ghaolta na marbh fanacht chomh fada seo leis an bhfírinne.

Dúradh gur dhearbhaigh Boris Johnson go bhfuil Rialtas na Breataine meáite ar dhul chun cinn a dhéanamh maidir le hoidhreacht na coimhlinte agus gurb iad na híospartaigh an tosaíocht atá acu.

Gheall siad beirt freisin, dar leis an urlabhraí, trádáil shaoráideach idir an Phoblacht, an Tuaisceart agus an Bhreatain a choimeád.

Ó thaobh Covid-19 de, tá rún ag Micheál Martin agus Boris Johnson, a maíodh, dul i gcomhar le chéile chun an galar a chloí. Chuige sin, roinnfidh siad faisnéis le chéile, a dúradh.