Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna go bhfuil ceathrar eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 425 cás nua ann.

Is fir iad 202 de na cásanna nua agus is mná iad 223 acu.

Tá 78% díobh faoi bhun 45 bliain d'aois agus tá 4% díobh os cionn 65 bliain.

29 bliain is ea aois airmheánach na gcásanna nua.

Tá 4,941 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus tá sé tolgtha ag 254,870 duine san iomlán.

Dearbhaíodh inniu freisin go raibh 1,922,913 dáileog den vacsaín Covid-19 tugtha amach faoin Máirt seo caite.

Bhí an chéad dáileog faighte ag 1,408,105 díobh agus an dara dáileog ag 514,808 díobh.

Fógraíodh inniu chomh maith nár taifeadadh aon duine eile a bheith básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ó inné ach go bhfuil 96 cás nua ann.

Tá 2,149 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 121,419 duine ó thús na géarchéime.

Tá 39 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, triúr acu in aonaid dianchúraim.