Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna nár bhásaigh aon duine leis an ngalar Covid-19 sa Stát ó inné ach go bhfuil 456 cás nua ann.

Fágann sé seo go bhfuil 4,937 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann ó thús na paindéime agus go bhfuil sé tolgtha ag 254,450 duine san iomlán.

Tá 111 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 36 díobh in aonaid dianchúraim.

Is i mBaile Átha Cliath atá 189 de na 456 cás nua, tá 52 cás i gCorcaigh, 49 i nDun na nGall, 39 i gCill Dara, 17 i nGaillimh agus tá na cásanna eile roinnte idir 20 contae eile.

Fógraíodh inniu chomh maith go bhfuil duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 99 cás nua ann.

Tá 2,149 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 121,323 duine ó thús na géarchéime.

Tá 46 othar Covid-19 in ospidéil sa Tuaisceart, triúr acu in aonaid dianchúraim.