Tá litir ó Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson faighte ag gaolta na ndaoine a mharaigh Arm na Breataine i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste leathchéad bliain ó shin ina gcuireann sé a bhrón in iúl go pearsanta dóibh faoin "méid a tharla."

Sa litir, dúirt Boris Johson gur mhian leis a bhrón a chur in iúl go pearsanta faoin mbris uafásach a bhain do na teaghlaigh.

Thug sé le fios freisin gur ghlac sé "gan acht, gan chúinse" le breithiúnas an chróinéara go raibh an deichniúr a maraíodh iomlán neamhchiontach.

Dúirt sé gur thuig sé nach aon chúiteamh ar a gcaillteanas é leithscéál a bheith gafa aige.

Dúirt Danny Teggart ar maraíodh a athair i mBaile Uí Mhurchú go bhfuil fearg air agus ar theaghlaigh eile, áfach, faoin leithscéal a ghabh Boris Johnson leo.

Dúirt Danny Teggart gur chóra do Boris Johnson dul i gcomhairle leis na teaghlaigh agus a mhachnamh a dhéanamh ar an scéal sular chuir sé an litir chucu.

Tá fearg orthu freisin, a dúirt sé, nár luaigh Boris Johnson an focal "sléacht." Ina áit sin, agus é ag trácht ar na maruithe, dúirt an Príomh-Aire go raibh aiféala air faoin "méid a tharla."

Bhí cruinniú inniu ag na teaghlaigh le ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald. Cháin sí an chaoi ar chaith Boris Johnson leis na teaglaigh.

Níos túisce inniu, i bparlaimint Westminster, ghabh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis leithscéal go poiblí Lewis leis na teaghlaigh.

Dúirt Brandon Lewis gur "mór an t-aithreachas atá ar Rialtas na Breataine faoinar tharla i mBaile Uí Mhurchú i 1971."

Léigh sé os ard ainmneacha an deichniúir a maraíodh agus mhol sé a ngaolta faoin bhfoighne mhór a léirigh siad agus iad i mbun feachtais ar son a muintire le leathchéad bliain.

Dúirt Brandon Lewis go raibh na daoine a maraíodh iomlán neamhchiontach agus nár chóir do "na heachtraí" mBaile Uí Mhurchú tarlú ar chor ar bith.

Arú inné, chinn cróinéir i mBéal Feirste go raibh naonúr Caitliceach a mharaigh saighdiúirí na Breataine i mBaile Uí Mhurchú iomlán neamhchiontach agus nach bhféadfaí na maruithe a chosaint. Dúradh nach raibh dóthain fianaise dlí-eolaíochta ann le deimhniú go foirmiúil cé a mharaigh an deichiú duine.

Chaith agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút na sibhialtaigh in imeacht trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.

B'in iad Joan Connolly, 44, Joseph Corr, 43, Edward Doherty, 31, John Laverty, 20, John McKerr, 49, an tAthair Hugh Mullan, 38, Joseph Murray, 41, Noel Phillips, 19, Frank Quinn, 19, agus Daniel Teggart, 44.