Tá leithscéal gafa go poiblí ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis le teaghlaigh na ndaoine a mharaigh Arm na Breataine i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste i 1971.

I bparlaimint Westminster ar maidin, dúirt Brandon Lewis gur mhian leis a chur ar taifead go n-aithníonn Rialtas na Breataine "an bhris uafásach" a bhain leis na maruithe.

Thug sé le fios go ngabhfaidh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson a leithscéal i scríbhinn leis na teaghlaigh.

Ina ráiteas sa pharlaimint, dúirt Brandon Lewis gur "mór an t-aithreachas atá ar Rialtas na Breataine faoinar tharla i mBaile Uí Mhurchú i 1971."

Léigh sé os ard ainmneacha an deichniúir a maraíodh agus mhol sé a ngaolta faoin bhfoighne mhór a léirigh siad agus iad i mbun feachtais ar son a muintire le leathchéad bliain.

Dúirt Brandon Lewis go raibh na daoine a maraíodh iomlán neamhchiontach agus nár chóir do "na heachtraí" mBaile Uí Mhurchú tarlú ar chor ar bith.

Cháin urlabhraí Pháirtí Lucht Oibre na Bretataine ar chursaí an Tuasicirt Louise Haigh Boris Johnson faoi nach ndearna sé féin ráiteas faoin scéal sa pharlaimint.

Arú inné, chinn cróinéir i mBéal Feirste go raibh naonúr Caitliceach a mharaigh saighdiúirí na Breataine i mBaile Uí Mhurchú iomlán neamhchiontach agus nach bhféadfaí na maruithe a chosaint. Dúradh nach raibh dóthain fianaise dlí-eolaíochta ann le deimhniú go foirmiúil cé a mharaigh an deichiú duine.

Chaith agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút na sibhialtaigh in imeacht trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.

B'in iad Joan Connolly, 44, Joseph Corr, 43, Edward Doherty, 31, John Laverty, 20, John McKerr, 49, an tAthair Hugh Mullan, 38, Joseph Murray, 41, Noel Phillips, 19, Frank Quinn, 19, agus Daniel Teggart, 44.