Is i gCill Dara atá an ráta is airde Covid-19 sa tír anois, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Roimhe seo, is i nDún na nGall a bhí an ráta is airde den ghalar ach tá sé tite go suntasach ansin le cúpla seachtain.

Coicís ó shin, dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur údar mór imní a bhí sa líon cásanna Covid-19 i nDún na nGall thar aon áit eile sa tír.

Mhaígh sé gur léir go raibh go leor daoine ag sárú na dtreoirlínte sláinte sa chontae sin i gcomórtas le codanna eile den tír.

Tharraing a chuid cainte conspóid, áfach, agus chuir polaiteoirí áitiúla agus ceannairí pobail ina leith go raibh an-dochar déanta aige do chlú an chontae.

Ar maidin inniu, mhol an tAire Sláinte Stephen Donnelly muintir Dhún na nGall faoi na sáriarrachtaí atá déanta acu ó shin an ráta Covid-19 sa chontae a ísliú.