Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson cáinte go láidir ag gaolta na ndaoine a mharaigh Arm na Breataine i mBaile Uí Mhurchú i 1971 faoi ráiteas a eisíodh thar a cheann inné.

Mhaígh urlabhraí Boris Johnson go raibh leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire "gan acht, gan chúinse" as na maruithe.

Dúradh go ndúirt an Príomh-Aire an méid sin i gcomhrá teileafóin a bhí aige tráthnóna inné le Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Michelle O'Neill.

Dúirt cuid de ghaolta na marbh, áfach, gur chóra do Boris Johnson an leithscéal a ghabháil go poiblí.

Dúirt Danny Teggart ar maraíodh a athair i mBaile Uí Mhurchú gur masla do na gaolta a bhí i ráiteas Boris Johnson mar gur le daoine nár bhain an scéal leo a ghabh sé leithscéal.

Ní mheánn leithscéal Boris Johnson brobh, dar le Briege Voyle ar maraíodh a máthair Joan Connolly. Ba chóra dó ráiteas a dhéánamh sa pharlaimint i Westminster, a dúirt sí.

D'iarr an Taoiseach Micheál Martin freisin ar Rialtas na Breataine ráiteas cuimsitheach agus iomlán a dhéanamh.

Tá modh oibre Boris Johnson cáinte freisin ag iarcheann foirne Arm na Breataine an Tiarna Richard Dannatt a dúirt gur chuibhiúla ráiteas poiblí a dhéanamh.

Meastar go ndéanfaidh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis ráiteas faoin scéal i Westminster níos deireanaí inniu.

Arú inné, chinn cróinéir i mBéal Feirste go raibh naonúr Caitliceach a mharaigh saighdiúirí na Breataine i mBaile Uí Mhurchú iomlán neamhchiontach agus nach bhféadfaí na maruithe a chosaint. Dúradh nach raibh dóthain fianaise ann le deimhniú cé a mharaigh an deichiú duine.

Chaith agus mharaigh saighdiúirí ón reisimint pharaisiút na sibhialtaigh in imeacht trí lá idir 9-11 Lúnasa 1971.

B'in iad Joan Connolly, 44, Joseph Corr, 43, Edward Doherty, 31, John Laverty, 20, John McKerr, 49, an tAthair Hugh Mullan, 38, Joseph Murray, 41, Noel Phillips, 19, Frank Quinn, 19, agus Daniel Teggart, 44.