Tá beirt eile tar éis bháis le Covid-19 agus tá 514 cás nua den víreas deimhnithe sa Stát.

Ar maidin, bhí 116 duine san ospidéal leis an víreas agus bhí 31 in aonaid dianchúraim na tíre.

Bhí 1.79 milliún dáileog de vacsaín Covid-19 tugtha do dhaoine in Éirinn faoi Dé hAoine.

Go dtí seo tá 4,921 duine tar éis bháis le Covid-19 sa Stát agus bhí an galar ar 252,809 duine go dtí seo sa phoblacht.