Dheimhnigh an Taoiseach inniu go mbeidh Poblacht na hÉireann mar chuid den gcóras nua digiteach ina mbeidh pas uaine ag muintir an Aontais Eorpaigh agus dúirt sé go bhfuil seans ann go mbeadh deis ag daoine taisteal thar lear taobh istigh den Eoraip faoi dheireadh an tsamhraidh.

Ag labhairt do i gCorcaigh inniu dúirt an Taoiseach go bhfuil seans ann go mbeidh deis ag daoine taisteal go tíortha san Aontas Eorpach nuair a bheidh vacsaín iomlán faighte acu nó má tá siad tagtha chucu féin ó Covid-19 agus gur féidir leo torthaí tastáil PCR a thaispeáint chun a dheimhniú nach bhfuil an víreas orthu.

Dúirt sé go bhfuiltear ag féachaint ar amlíne idir Mhí an Mheithimh agus Mhí Iúil nó tús Lúnasa chun go mbeidh an córas nua i bhfeidhm idir na ballstáit.