Tá bailte ón Spidéal siar go Ros an Mhíl i gContae na Gaillimhe ag bogadh ó mhaidin agus daoine amuigh ag siúl agus ag rith le hairgead a bhailiú don charthanacht Pieta House.

De bharr treoracha maidir le scaradh sóisialta, tá amanna áirithe leagtha amach do gach bhaile le méid áirithe ciliméadar a bhaint amach roimh a 9 a chlog anocht.

S’iad Cumann Luthchleas Gael & Liathróid Láimhe Mhicheál Breathnach i dteannta le Cumann Sacair Chois Fharraige a d’eagraigh feachtas bailiúcháin airgid 'Bogadh na mBailte’ agus tabharfar gach a bhaileofar don eagraíocht Pieta a chabhraíonn le daoine atá ag cuimhneamh lámh a chur ina mbás féin agus le daoine atá ag fulaingt de bharr féinmharaithe.

Sé an sprioc atá leis an dushlán i measc na mbailte ná go ndéanfaidh chuile bhaile ón Spidéal siar go Ros a Mhíl 125KM a shiúl, a rith nó dul ag snámh agus iad ag cloí le treoracha maidir le scaradh sóisialta.

Tá leathnach 'Go Fund Me' curtha ar fáil chun go mbeidh daoine inann tacú leis an bhfeachtas.

Tá go dtí an 9 a chlog anocht ag daoine dul amach ag siúl.