Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu go bhfuil an tír ag teacht amach as an phaindéim anois agus é ar a shlí isteach chun a vacsaín i gcoinne Covid-19 a fháil inniu. Fuair an Taoiseach an vacsaín i Halla na Cathrach i gCorcaigh níos luaithe.

An banaltra Brenda Dillon a thug an vacsaín AstraZeneca don Taoiseach.

Ag labhairt do i ndiaidh do vacsaín a fháil, dúirt an Taoiseach gurb í an teachtaireacht atá aige do dhaoine ná 'fan leis'. Dúirt sé go gceapann sé go bhfuil dul chun cinn iontach á dhéanamh ag an tír agus go bhfuil an tír anois ag teacht amach as an phaindéim.

Dúirt sé go mbeidh samhradh maith againn más féidir linn leanúint leis an dul chun cinn atá á dhéanamh faoi láthair. Dúirt an Taoiseach go bhfuil vacsaíniú ag cabhrú go mór le tinneas thromchúiseach a mhaolú agus le líon na mbásanna chomh maith leis an líon daoine atá ag dul go dtí an tOspidéal le Covid-19 a ísliú.

Ag labhairt do ar chlár raidió ar RTÉ inniu dúirt Micheál Martin go mbeidh ardú meanma ann do dhaoine an tseachtain seo romhainn agus gnólaíochtaí agus an sochaí ag oscailt arís de réir a chéile.