Bailíodh breis is €7m do Pieta House a bhuíochas do shiúlóidí i dtreo an tsolais a reachtáladh an deireadh seachtaine seo mar chuid don ócáid bailithe airgid 'Darkness into Light'.

Sprioc do €5m a bhí ag an charthanacht ach baineadh an sprioc sin amach sula thosaigh an ocáid go luath maidin inné.

Chláraigh breis is 140,000 duine ar fud na cruinne chun a bheith páirteach in ocáid bailithe airgid na bliana seo agus is féidir airgead a thabhairt fós ar líne.

Deimhneoidh an charthanacht an tsuim iomlán a bailíodh an tseachtain seo romhainn.