Tá gnólachtaí ar fud na tíre ag ullmhú chun oscailt arís agus cead ag miondíoltóirí neamhriachtanacha oscailt arís ar bhonn céimnithe ó amárach ar aghaidh nuair a mhaolófar srianta Covid-19 sa Stát tuilleadh.

Osclóidh gruagairí, bearbóirí agus gnóanna áilleachta ar fud na tíre i ndiaidh dóibh a bheith dúnta ó aimsir na Nollag.

Cuirfear tús an athuair le seirbhísí 'cliceáil agus bailigh' chomh maith amárach.

Beidh cead ag trí theaghlach nó suas le seisear ó thithe difriúla casadh lena chéile taobh amuigh, ina measc, i ngairdíní príobháideacha.

Beidh daoine a bhfuil vacsaín iomlán faighte acu in ann casadh le daoine eile go bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu taobh istigh faoi dhíon. Trí theaghlach ar fad ag aon am amháin a bheidh i gceist anseo.

Beidh cead ag daoine taisteal ó chontae go contae gan aon srian agus beidh cead ag 50 duine freastal ar sheirbhísí eaglasta.

Ardóidh líon na ndaoine a bhfuil cead acu iompar poiblí a úsáid go 50%.

Dúirt an tOllamh Mary Horgan, Uachtarán Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann agus dochtúir comhairleach i ngalair thógálacha in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh inniu go bhfuil sé soiléir go bhfuil an tír ag dul sa treo ceart. Dúirt sí go bhfuil an líon daoine in Ospidéil na tíre le Covid-19 ag an leibhéal is ísle ó Mhí Mheán Fómhair seo caite.