Tá cuireadh tugtha ag Príomhaire na Breataine Boris Johnson do Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon dul i mbun cainteanna géarchéime i ndiaidh do Sturgeon foláireamh a thabhairt go mbeadh Johnson sa bhealach ar chúrsaí daonlathais má chuireann sé i gcoinne Reifreann eile ar neamhspleáchas na hAlban.

Bhí an SNP gann ar shuíochán amháin chun móramh iomlán a thabhairt leo i dtoghchán parlaiminte na hAlban. D'aimsigh an páirtí 64 suíochán sa deireadh as 129 suíochán atá i Holyrood.

Dúirt Nicola Sturgeon gur léirigh toradh an toghcháin gur mian le muintir na tíre an dara Reifreann ar Neamhspleáchas a bheith acu agus dúirt sí go mbeadh aon pholaiteoir ó Westminster a chur ina choinne sin ag iarraidh dul ag troid le mianta daonlathach mhuintir na hAlban.

Duirt sí go bhfuil sé i gceist aici Reifreann eile ar neamhspleáchas a ghairm ach ní go dtí go mbeidh deireadh leis an phaindéim agus go dtí go mbeidh an geilleagar ag teacht chuige fhéin arís.

Ach i litir a sheol Boris Johnson go dtí Céad-Aire na hAlban, dúirt sé go raibh an Ríocht Aontaithe níos fearr as nuair a oibríonn gach duine le chéile agus d'iarr sé uirthi dul i mbun cainte faoi na dushláin atá rompu agus conas gur féidir leo oibriú le chéile sna míonna agus sna blianta atá le teacht chun dul i ngleic leis na dushláin sin.

Tá cuireadh tugtha ag Boris Johnson do cheannairí na Breataine Bige agus Thuaisceart Éireann chomh maith go cruinniú mullaigh chun na dushláin atá acu go léir i ndiaidh na paindéime a phlé.