Gortaíodh na scórtha i tuilleadh caismirtí úra a tharla in Iarúsailéim idir mhuintir na Palaistíne agus poilíní Iosrael thar oíche.

Deir poilíní go raibh an lucht agóidíochta ag caitheamh clocha leis na fórsaí slándála agus scaoil poilíní uisce ó ghunnaí móra uisce agus piléir rúbair le daoine in iarracht an lucht agóidíochta a cheannsú.

Tuairiscítear gur gortaíodh 90 duine sna caismirtí in Iarúsailéim inné.

Tá achainí déanta go hidirnáisiúnta go gcuirfí deireadh leis an bhfoiréigean sa cheantar.

In Iarúsailéim deir poilíní gur gabhadh triúr as ionsaí a dhéanamh ar oifigigh.

Dé hAoine gortaíodh breis is 200 Palaistíneach agus 17 poilín de chuid Iosrael i gcaismirtí eile a tharla cóngarach do mhosc Al-Aqsa.