Tá duine amháin eile tar éis bháis agus tá 408 cás nua de Covid-19 sa Stát.

33 othar atá in aonaid dianchúraim na tíre, titim do dhuine amháin ó inné.

Tá 110 duine in ospidéil an tíre leis an víreas bhí ar naonúr breise dul go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Tá 4,919 duine tar éis bháis le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann go dtí seo agus bhí an galar ar 252,303 duine sa Stát go dáta.

Maidir le cásanna an lae inniu, baineann 205 cás le fir, 202 le mná agus baineann 77% do na cásanna nua le daoine atá faoi bhun 45 bliain d'aois.

Go dtí seo tá 1,746,912 dáileog den vacsaín Covid-19 tugtha do dhaoine sa Stát.