Tá fear sna fichidí gafa ag Gardaí maidir lena bhfiosrúchán faoi dhúnmharú Keane Mulready-Woods.

Tá an fear á choimeád agus á cheistiú ag stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath.

Scaoileadh triúr fear a gabhadh níos luaithe an tseachtain seo mar chuid den bhfiosrúchán saor gan aon chúis curtha ina leith.

Tá cód le seoladh go dtí an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Facthas Keane Mulready-Woods as Droichead Átha i gContae Lú agus a bhí 17 bliain d'aois go deireanach ar an 12ú Eanáir 2020.

Fritheadh a thaisí a bhí gearrtha ina phíosaí ag láithreacha éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i nDroichead Átha.