Tá margadh déanta ag an Aontas Eorpach leis an gcomhlacht Pfizer-BioNTech chun suas le 1.8billiún dáileog breise don vacsaín sin a fháil a deir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen.

I dtvuít a chuir sí amach ar an gcóras giolcaireachta Twitter dúirt Ursula von der Leyen go leanfaidh conarthaí eile agus teicneolaíochtaí vacsaíne eile an fógra seo.

Dúirt sí go bhfuil an Eoraip anois ag ullmhú don chéad staid eile den bpróiseas vacsaínithe.

Níos luaithe thug Uachtarán an Chomhairle Eorpaigh Charles Michel le fios go bhfuil an tAontas ullamh le moladh na Stát Aontaithe maidir le deireadh a chur le paitinn ar vacsaíní Covid-19 a phlé, nuair atá na sonraí a bhaineann leis soiléir.