Tá iarrtha ag Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann ar Rialtas na hÉireann iarracht a dhéanamh stop a chur le taisteal trasteorann neamhriachtanach.

Tá iarrtha aige ar an Rialtas gach is féidir a dhéanamh chun cosc a chur ar thaisteal nach bhfuil gá leis trasna na teorann agus srianta maidir le taisteal idirchontae le maolú i bPoblacht na hÉireann Dé Luain.

Dúirt Robin Swann go bhfuil imní air go bhféadfadh taisteal trasteorann i gcomhair nithe áirithe ar nós siopadóireacht agus chun dul amach le cairde, cur le scaipeadh an víris i measc an phobail sa Tuaisceart agus sa Phoblacht.

I litir a sheol an tAire Swann go dtí an tAire Sláinte Stephen Donnelly, dúirt Robin Swann cé go bhfuil sé ag súil leis an uair gur féidir tús a chur arís le gníomhaíochtaí trasteorann, 'nílimíd ann fós' a deir an tAire.

Dúirt sé go raibh teachtaireacht shoiléir ag teastáil ar an ábhar agus go mbeadh gá an cosc a chur i bhfeidhm más gá.

Sa litir a seoladh le linn na seachtaine, d'iarr Robin Swann ar Stephen Donnelly agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte bualadh leis na húdaráis sláinte ó thuaidh chun macnamh a dhéanamh faoi cad eile gur gá dóibh a dhéanamh.

Dúirt sé go raibh Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht ag staid ana dhifriúil maidir le líon na gcásanna den víreas, srianta agus maidir le dul chun cinn an chláir vacsaínithe.