Tiocfaidh tréimhse na Gaillimhe mar Phríomhchathair Chultúir na hÉorpa chun críche anocht le searmanas ar líne. Bhuail go leor fadhbanna an tionscadal ón tús - idir fadhbanna buiséadta agus acmhainní daonna - chomh maith le srianta ar feadh na míonna de bharr Covid 19.
Roghnaíodh Gaillimh mar phríomhchathair chultúir na hEorpa don bhliain 2020 i mí Iúil 2016 ach níorbh fhada go raibh deacrachtaí ag an eagraíocht a bhí i mbun an tionscadail.
Ardaíodh ceisteanna faoin mbuiséad de €46 million euro agus cé as a dtiocfadh sé. Laghdaíodh an méid sin go €39 milliún, rud a chuir imní ar ealaíontóirí agus léirtheoirí a raibh tionscadail beartaithe acu don chlár agus a bhí mar chuid den leabhar tairisceana a bhuaigh an teideal go Ghaillimh.
Bhí fadhbanna le hachmhainní daonna agus lear mór daoine ag imeacht as a gcuid postanna, idir Stiúrthóir Cruthaitheach an tionscadail, Chris Baldwin, agus comhaltaí boird ag éirí as a gcúraimí. I dtaobh cursaí Gaeilge, ní raibh urlabhraí Gaeilge ceaptha faoi 2018 agus scaoileadh leis an duine sin anuraidh.
Buille eile a bhí ann nuair a d'fhógair Druid go raibh an taispeántas mór drámaíochta dá gcuid curtha ar ceal de bharr ciorruithe ar bhuiséad an togra. Cuireadh an searmanas oscailte a bhí beartaithe i lár an gheimhridh ar ceal ag an noiméad deireanach de bharr na drochaimsire cé go raibh sé ráite ag an eagraíocht go raibh plean eile acu.
Ach bhí mí-ádh eile i ndán do Ghaillimh 2020: Covid 19. Cuireadh srian ar imeachtaí de bharr na paindéime agus bhí an plean caite san aer.
D’éirigh le Gaillimh 2020 imeachtaí a reachtáil ar bhealaí eile agus dar leis an eagraíocht, ghlac 600 ealaíontóir agus eagraíocht páirt sa gclár ó cuireadh tús leis go mí Aibreán na bliana seo.