Tá príosún saoil gearrtha ar fhear, 46 bliain d'aois, as dúnmharú fir eile ar Bhóthar na Trá Thuaidh ar 19 Iúil 2019.

Mharaigh Anthony Paget, a bhfuil seoladh aige ar Bhóthar Charnlaigh sa gCabrach, Aidan McMenamy, tar éis do racht éada é a bhualadh, a dúradh sa gcúirt. Bhí Anthony Paget scartha óna bhean chéile, agus bhí caidreamh nua idir í féin agus Aidan McMenamy.

Sádh Aidan McMenamy seacht n-uaire le linn an ionsaithe.

Phléadáil Anthony Paget ciontach i ndúnorgain, ach ciontaíodh é d'aon ghuth i ndúnmharú.

I litir a cuireadh faoi bhráid na cúirte inniu, dúirt teaghlach Aidan McMenamy nach mbeadh teacht aniar i ndán dóibh riamh. Ní bheidh siad ábalta maithiúnas a thabhairt do Anthony Paget choíche, a dúirt siad.

Chuir Anthony Paget litir faoi bhráid na cúirte freisin, inar ghabh sé leithscéal le teaghlach Aidan McMenamy.

Ghearr an Breitheamh Eileen Creedon an téarma riachtanach atá i gceist le dúnmharú ar Anthony Paget.

Sa mbliain 2000, bronnadh gradam ar Anthony Paget as teacht i dtarrtháil ar thiománaí bus a bhí gan aithne gan urlabhra agus sáinnithe i mbun faoin uisce sa Life tar éis timpiste ar Dhroichead na Comhdhála i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.