Tá buachaill cúig bliana déag cúisithe i mbean a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath i dtús na bliana.

Ionsaíodh agus sádh Urantsetseg Tserendorj, 48 bliain, arbh as an Mongóil í ó dhúchas, i lár na cathrach ag thart ar 9.30 san oíche ar an 20 Eanáir.

Bhásaigh sí san ospidéal coicís i ndiaidh an ionsaithe.

Bhí Urantsetseg Tserendorj ag obair mar ghlantóir agus bhí sí ar a bealach abhaile óna cuid oibre nuair a hionsaíodh í ar Ché Theach an Chustaim.

Cúisíodh an t-ógánach freisin i dtrí chion eile a líomhnaítear a tharla ar an lá céanna leis an ionsaí.

Dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Brendan Casey sa chúirt gur chúisigh sé an buachaill i ndúnmharú na mná i láthair a dheirféar ar maidin. Nuair a fiafraíodh den bhuachaill, a dúirt an Garda Casey, an raibh aon ní le rá aige dúirt sé nach raibh.

Chuir Uachtaran na Cúirte Dúiche an Breitheamh Paul Kelly an t-ógánach siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair na Cúirte Leanaí é an tseachtain seo chugainn.

Chinn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí an buachaill a chur ar a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.