Dúirt cathaoirleach bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallachair gur cheart saoire mháithreachais a thabhairt isteach do mhná óga atá ag iarraidh a bheith páirteach sa saol poiblí mar ionadaithe ar bhoird Stáit.

Ag labhairt di ar 7Lá, thug Anna Ní Ghallachair cathaoirleach Thionól na Saoránach Catherine Day mar údarás nuair a dúirt sí go bhfuil "athruithe móra ag teastáil."

Cé gur vótáil Tionól na Saoránach le deireanas chun saoire mháithreachais a mholadh d'ionadaithe tofa, níor chuir siad ionadaithe ar bhoird Stáit san áireamh ina gcuid moltaí.

"Má bhíonn muid i ndáiríre faoin iolrachas, caithfidh muid mná agus fir níos óige a thabhairt ar bord, bíonn tionchar aige sin i dtaca le cúrsaí máithreachais," a dúirt Anna Ní Ghallachair.

Ní aon tagairtí sa Chód Cleachais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú ar shaoire mháithreachais, ar shaoire atharachta ná ar shaoire thuismitheoireachta.

Dar le hAnna Ní Ghallachair gur cheart meicníochtaí foirmiúla cosúil le hionadaíocht, cianobair, cianvótáil agus tacaíochtaí cúraim leanaí do chomhaltaí boird a scrúdú.

Dúirt sí go raibh iontas ar mhná "nach raibh saoire mháithreachais" ann agus labhair sí ar "chiontacht" agus ar "fhrustrachas" a mhothaigh comhaltaí boird agus iad ag iarraidh cothromas a bhaint amach idir seirbhís phoiblí agus cúram clainne taobh istigh de struchtúr nach n-aithníonn saoire mháithreachais go foirmiúil.

"Sílim go nglacann mná leis go minic go bhfuil cearta acu. Is údar iontais atá ann daofa nuair a fheiceann siad nach bhfuil na cearta sin ann. Ar bhealach, bíonn glactha acu leis an ainmniúchán sula dtuigeann siad caidé mar a sheasanna rudaí i ndáiríre."

I ráiteas, dúirt an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go ndéantar boird ar eagrais phoiblí a bhainistiú de réir na reachtaíochta a bhaineann leo agus ansin de réir an Chóid Chleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Dúirt an Roinn "nach gclúdaítear treoir d’ábhar áirithe a bhaineann le comhaltaí a bheith as láthair, saoire mháithreachas san áireamh. Sin ráite, tá prionsabail níos ginearálta sa Chód, ina leagtar dualgas ar bhoird a gcuid éifeachtúlacht féin a mheas.

"Nuair a thagann ábhar chun tosaigh maidir le saoire mháithreachas, saoire atharachta nó saoire thuismitheoireachta, ábhar iad le haghaidh an Bhoird féin, ag áireamh cúinsí pearsanta agus an choimitmint ama a bhaineann le ballraíocht ar bhoird Stáit le hais fostaithe bhord Stáit."

Deirtear i dtaighde a rinne Bébhinn Ní Chiosáin ó Ollscoil Mhá Nuad nach bhfuil tagairt ar shaoire mháithreachais san Acht Toghcháin, san Acht um Thoghcháin Áitiúla, sa Bhunreacht, i mBuanordaithe na Dála nó sa Chód Cleachtais le Comhlachtaí Stáit a Rialú.

Molann sí go gcuirfeadh an Stát meicníochtaí agus tacaíochtaí i bhfeidhm a dhéanfadh níos fusa é chun éagsúlacht a chothú in institiúidí cinnteoireachta an Stáit, go háirithe dóibh siúd atá faoi ghannionadaíocht.

Rinne Tionól na Saoránach ar Chothromas Inscne 45 moladh ina n-áirítear go mbeadh maoiniú d’eagrais phoiblí ag brath ar chuóta inscne 40% a bheith acu ar a gcuid bord faoin bhliain 2025.

Dúirt Anna Ní Ghallachair go bhfuil "níos mó i gceist le cuóta ná mná ar bhoird" agus creideann sí go bhfuil "gá le hoideachas breise maidir le tábhacht na gcuótaí inscne."

Thagair sí do thaighde ó thíortha Lochlannacha a léiríonn go gcuireann cothromas inscne le héifeachtúlacht comhlachtaí agus eagraíochtaí poiblí.

"Tchím ó thaobh an bord a bhfuil mé féin bainteach leis ... tá sé soiléir follasach, áit ar bith a bhfuil cothromaíocht inscne ann, bord ar bith go bhfuil cothromaíocht inscne air go n-éiríonn i bhfad níos fearr leis an eagraíocht nó leis an chomhlacht dá bharr," a dúirt sí.

Cúigear ban agus seachtar fear atá ar bhord Údarás na Gaeltachta.