Tá iarbhall d'fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann Alan McLoughlin tar éis bháis. Bhí sé 54 bliain d'aois.

Bhi ailse ar Alan McLoughlin le tamall agus thug sé le fios an mhí seo caite go raibh an tinneas tar éis dul in olcas.

Bíodh is gur i Manchain a rugadh é, Éireannaigh ab ea a mhuintir agus d'imir sé 42 uair d'fhoireann na Poblachta idir 1990 agus 1999.

Scóráil sé dhá chúl i gcaitheamh an ama sin, an ceann ba chinniúnaí in aghaidh Thuaisceart Éireann i bPáirc Windsor i 1993.

Is de bharr an chúil sin a cháiligh an Phoblacht do Chorn an Domhain sna Stáit Aontaithe i 1994.

D'imir sé don fhoireann náisiúnta den uair dheireanach sa chluiche in aghaidh na Macadóine i mí na Samhna 1999, tráth ar theip ar an bPoblacht cáiliú do Chorn na hEorpa.

D'imir sé do Swindon Town (1986-90), Southampton (1990-92) agus Portsmouth (1992-99). Bhí sé ag obair mar chóitseálaí ag Swindon agus Portsmouth ina dhiaidh sin.

Maireann a bhean chéile Deby and a chlann iníon Abby agus Megan.